Skip to content
Folláine san Ionad Oibre

Lean ort chuig Acmhainní

Tá bia sláintiúil ar cheann de cholúin na sláinte agus na folláine, agus is minic gurb é an t-ionad oibre an áit ina n-itheann fostaithe an chuid is mó dá mbia, rud a fhágann gur suíomh iontach é chun bia sláintiúil a chur chun cinn.

Tá go leor cúiseanna ann le bia sláintiúil a chur chun cinn i d’ionad oibre agus a chinntiú go gcabhraíonn do thimpeallacht oibre le roghanna bia sláintiúla. Tá droch-chothú nasctha le galar agus tinneas ainsealach, agus cuirfidh easpa cothaitheach riachtanach bac ar chumas an choirp fás agus leigheas a dhéanamh agus bíonn tionchar aige sin ar fholláine chognaíoch, mhothúchánach agus fhisiciúil.

Is í an tsócmhainn is mó atá ag eagraíocht ná a lucht saothair. Tá sé de chumas ag lucht saothair a bhfuil rioscaí laghdaithe galair agus breoiteachta agus cumas cognaíoch, mothúchánach agus coirp feabhsaithe aige iliomad tairbhí a bhaint amach:

  • Táirgiúlacht, nuálaíocht agus cruthaitheacht níos fearr
  • Spreagadh níos mó agus cumis níos fearr fadhbanna a réiteach
  • Níos mó dílseachta don eagraíocht
  • Comhtháthú níos mó san ionad oibre agus spiorad foirne níos láidre
  • Neamhláithreacht laghdaithe
  • Costais árachais laghdaithe
  • Timpeallacht shláintiúil, shona agus rathúil san ionad oibre

Ina theannta sin, feabhsóidh tiomantas do shláinte d’fhostaithe d’íomhá phoiblí agus do dheiseanna earcaíochta agus coinneála.

Seo cúpla acmhainn gasta duit chun tús a chur leis:

Cé go bhfuil na hacmhainní seo ina gcuidiú chun tús a chur leis, tá sé an-tábhachtach do ghníomhaíochtaí folláine san ionad oibre a phleanáil go cúramach. Léiríonn taighde gur cheart do gach gníomhaíocht a dhíríonn ar an bhfostaí aonair a chomhcheangal le gníomhaíochtaí ar leibhéal na heagraíochta. I bhfocail eile, ba cheart duit bearta a ghlacadh i gcónaí chun timpeallacht eagraíochtúil thacúil a chruthú in éineacht le tacaíochtaí atá dírithe ar stíl mhaireachtála do d’fhostaithe. Tá comhairle mhionsonraithe curtha ar fáil againn maidir leis an mbealach is fearr do ghníomhaíochtaí a phleanáil ag an dá leibhéal seo.

Gníomhaíochtaí ar Leibhéal Eagraíochta

Is é “bunchloch” Phirimid Folláine an CIPD ná cultúr, ceannaireacht agus bainistíocht daoine. Seo iad na bealaí is fearr lena chinntiú go bhfuil bunús láidir á chruthú agat d’iarrachtaí folláine san ionad oibre:

Gníomhaíochtaí ar leibhéal aonair

Is dócha go ndíreoidh do thionscnaimh folláine ar an leibhéal aonair ar fheasacht a mhúscailt agus/nó scileanna a thógáil chun an réimse folláine seo a bhainistiú.

Déan teagmháil leis an FSS agus le heagraíochtaí tacaíochta pobail le haghaidh infographics agus acmhainní eile inár rannóg Naisc Phobail.

Acmhainn

Healthy Catering Ideas

This resource is from the South Australian Government Health Division. It is a handy fact sheet on how to ensure your organisation provides healthy meal choices.

Healthy Communities Programme

The Sláintecare Healthy Communities Programme aims to provide increased health and wellbeing services in priority community areas across Ireland. These initiatives will be delivered through partnership working with a range of partners (HSE, local authorities and community groups) working together …

Healthy Eating at Work Guide

This is a valuable resource from the Canadian Centre for Occupational Health & Safety that offers a comprehensive case for focussing on healthy eating in the workplace along with helpful advice on how to go about it.

Setting up a Breakfast Bar

This is a poster from the British Heart Foundation that details how your organisation can help your employees start the day healthfully.

Healthy Eating Guidelines

Healthy Ireland has rounded up some of the first steps you can take to make a difference to your overall health by eating well. It includes tips for kids through to adults and advice on cooking healthy meals and losing …